Beidh an scannán faoin dornálaí as Gaillimh, Seán Ó Mainnín, á thaispeáint i bpictiúrlanna i Nua-Eabhrac, Los Angeles agus i mBostún ón 6ú Deireadh Fómhair. Taispeánfar é i Cinema Village, New York agus i Laemmle Music Hall Theatre, Beverly Hills é mar aon le the Regal Fenway i mBostún
Thug an scannán gradam na féile leis ag Féile na Scannán Éireannach, Bostún níos luaithe i mbliana agus bhuaigh an gradam don Scannán Faisnéise Éireannach is fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe chomh maith.