Gradam an Lucht Féachana don Phríomhscannán Éireannach is Fearr Buaite ag Fidil Ghorm ag Féile Scannán Idirnáisiúnta

Tá Gradam an Lucht Féachana don Phríomhscannán Éireannach is Fearr buaite ag Fidil Ghorm, dráma Gaeilge de chuid TG4 a thógfadh do chroí, ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Newport Beach in California. Chuaigh an scéal corraitheach seo, ar cuid é de thionscnamh Cine4, i gcion ar an lucht féachana lena scéal faoi mhisneach na hóige, draíocht an cheoil agus na nithe sin a chruthaíonn ceangal idir na glúnta.
 

Sa scannán seo Fidil Ghorm, a stiúir Anne McCabe, a scríobh Patricia Forde agus a léirigh Bríd Seoighe agus Pierce Boyce ó Abú Media, cuirimid eolas ar Molly, atá 10 mbliana d’aois, a chreideann go mb’fhéidir go mbíogfadh a hathair, atá gan aithne gan urlabhra, má fhoghlaimíonn sise leis an bhfidil a sheinm ar an nós céanna leis féin. Tugann a cuardach le haghaidh teagascóra chomh fada le hionad athshlánúcháin í, áit a bhfuil veidhleadóir cumasach, cantalach. Tugann siad faoi aistear dóchasach le chéile sa tóir ar leigheas agus athrú.
 

“Téann aistear Molly in Fidil Ghorm i gcion go mór ar dhaoine agus léirítear draíocht agus misneach an duine trí lionsa na Gaeilge agus an chultúir”, a deir Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe i TG4. “Is mór an onóir dúinn aitheantas an lucht féachana a fháil in Newport Beach agus tá mórtas orainn an scéal ar leith seo a chur ar scáileán mar chuid de thionscnamh Cine4, tionscnamh a leanann de thús áite a thabhairt don scéalaíocht chumhachtach i nGaeilge.”
 
Deir Bríd Seoighe, Léiritheoir; “B’ábhar mór sásaimh agus luachmhar cultúir a bhí ann dúinne inár léiritheoirí ár scannán a chur i láthair lucht féachana den chéad uair lasmuigh d’Éirinn thall in Newport Beach agus ceisteanna a fhreagairt in California a bhí curtha ag an lucht féachana orainn faoinár scéal, faoinár dteanga – an Ghaeilge, agus faoinár n-oidhreacht cheoil. B’iontach an t-údar lúcháir dúinn é freisin gur thug siad miondifríochtaí go léir an scannáin faoi deara.”
 
Seoladh Fidil Ghorm ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mí Iúil 2024 le tacaíocht ó TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán agus tá sé ar cheann de shárléiriúcháin thionscnamh ceannródaíoch Cine4, atá ag ceiliúradh cúig bliana anois de bheith ag cur scannáin Ghaeilge thar a bheith sásúil chun cinn.
 
Tá cliar den scoth ag an scannán, ina measc Ruadhán Ó Flatharta, Marcus Lamb, Sarah Jane Scott, Siobhán O’Kelly, Barry McGovern, agus Edith Lawlor, ar chuir a gcuid aisteoireachta anam agus beocht sa scéal tochtmhar seo.
 

Stiúrthóir: Anne McCabe

Scríbhneoir: Patricia Forde

Léiritheoirí: Bríd Seoighe, Pierce Boyce

An Chliar: Ruadhán Ó Flatharta, Marcus Lamb, Sarah Jane Scott, Siobhán O’Kelly, Barry Mc Govern, Edith Lawlor.

An Scannán Uafáis Gaeilge 'Fréamhacha' le Taispeáint don Domhan den Chéad Uair ag Féile san Eilvéis Inniu

Taispeánfar an scannán uafáis Gaeilge FRÉAMHACHA don domhan den chéad uair inniu ag an bhFéile Scannán iomráiteach Locarno san Eilvéis.
 
Mná uilig atá i bhfoireann aisteoirí an scannáin Ghaeilge seo arna scríobh ag agus faoi stiúir Aislinn Clarke. I measc na n-aisteoirí sin tá Clare Monnelly (Doineann, Moone Boy), Bríd Ní Neachtain (Banshees of Inisherin, Róise & Frank), agus an t-aisteoir Úcránach Aleksandra Bystrzhitskaya (F20).
 
Is í an t-oibrí cúraim Shoo (Monnelly) croí scéal an scannáin FRÉAMHACHA. Cuirtear Shoo ag obair i sráidbhaile scoite ina labhraítear Gaeilge chun aire a thabhairt do bhean a bhfuil faitíos uirthi a teach a fhágáil (Ní Neachtain). Tá faitíos freisin uirthi roimh na comharsana agus roimh na Sídhe, neacha scáfara ón mbéaloideas a gcreideann sí a d’fhuadaigh í féin blianta fada roimhe sin. De réir mar a fhásann dlúthchairdeas eatarthu, bíonn Shoo ite ag paranóia, deasghnátha agus piseoga na seanmhná, agus ar deireadh thiar tugann sí aghaidh ar na huafáis a tharla ina saol féin.
 
Arna léiriú ag Dermot Lavery do DoubleBand Films (Doineann) agus ag Patrick O’Neill do Wildcard, maoiníodh FRÉAMHACHA faoin scéim Cine4, le tacaíocht ó TG4, Fís Éireann, Coimisiún na Meán, agus Alt 48, an scéim chéanna faoinar maoiníodh an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán ag Gradaim Oscar. Comhlacht léiriúcháin a bhfuil gradaim bainte amach aige is ea DoubleBand Films atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a bhfuil dea-theist air le 30 bliain anuas as cláracha fíorasacha agus príomhscannáin d’ardchaighdeán a dhéanamh ina bhfuil scéalaíocht shainiúil.
 
Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4: “Is iontach an mórtas atá ar TG4 tacú le ‘FRÉAMHACHA’, scannán a thugann ardán do thraidisiún shaibhir scéalaíochta na hÉireann ach chomh maith leis sin a leagann béim ar chumhacht na Gaeilge sa scannánaíocht chomhaimseartha. Tá scannán uaibhreach agus iontach corraitheach cruthaithe ag Aislinn Clarke agus a foireann d’aisteoirí cumasacha, scannán a chreidimid a mheallfaidh lucht féachana ag Locarno agus níos faide i gcéin. Tá ríméad orainn go bhfuiltear ag tabhairt aird ar an scannán Gaeilge seo go hidirnáisiúnta, is ceart sin, agus táimid ag súil go mór leis an tionchar a bheidh aige ar phobail scannánaíochta na hÉireann agus ar fud an domhain a bhrath.”
 
New Europe Film Sales atá i mbun díolacháin idirnáisiúnta don scannán. Eiseoidh Wildcard Distribution an scannán i bpictiúrlanna na hÉireann sa bhliain 2025.
 
Beidh an 77ú Féile Scannán Locarno ar siúl ón 7 Lúnasa go dtí an 17 Lúnasa 2024.
 

CINE4

Tá scéim forbartha Cine4 ag glacadh le hiarratais le haghaidh príomhscannán anois.

Tuilleadh eolais : https://www.tg4.ie/ga/eolas/preas/nuacht-raitis/2024-2/ta-sceim-forbartha-cine4-ag-glacadh-le-hiarratais-le-haghaidh-priomhscannan-anois/

Tá scéim forbartha Cine4 ag glacadh le hiarratais le haghaidh príomhscannán anois

  • Tá éacht déanta cheana féin ag an scéim seo a bhfuil ocht gcinn de phríomhscannáin Ghaeilge léirithe mar thoradh uirthi le cúig bliana

  • Taispeánfar Fidil Ghorm, tionscadal léiriúcháin is déanaí Cine4, don domhan den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe


 
Is féidir iarratais a dhéanamh ar bhabhta 2024 Cine4, an scéim forbartha le haghaidh príomhscannáin Ghaeilge, anois. Tá an tionscnamh seo cúig bliana ar an bhfód i mbliana, tionscnamh a bhfuil ocht gcinn de phríomhscannáin Ghaeilge mar thoradh air go dtí seo – agus ná déanaimis dearmad ar an éacht iontach a baineadh amach nuair a fuair An Cailín Ciúin ainmniúchán ag Gradaim Oscar in 2023.
 
Cuireadh tús leis an mbabhta iarratais le linn Fhleadh Scannán na Gaillimhe an tseachtain seo, áit ar taispeánadh Fidil Ghorm – an tionscadal is déanaí a léiríodh faoin scéim – don domhan den chéad uair. Is í Anne McCabe a bhí i mbun stiúrtha ar Fidil Ghorm agus ba í an scríbhneoir agus Laureate reatha na nÓg, Patricia Forde, a scríobh an script scannáin. Rinneadh an scannán a thaifeadadh ar an láthair i Ráth Maoláin i gCo. Dhún na nGall. Scéal é faoi Molly, atá 10 mbliana d’aois, agus atá cinnte de go mbeidh sí in ann a hathair a dhúiseacht as a chóma nuair a chastar seanfhidléir a bhfuil ‘draíocht ina chuid lámh’ uirthi – ach is gearr go dtuigeann sí gur iomaí cineál draíochta ann. Seo blaiseadh den scannán:
https://vimeo.com/944498718/2d26d8b0ad
 
Beidh trí chéim i gceist le scéim Cine4 na bliana seo, agus beidh céim sa bhreis don fhorbairt san áireamh chomh maith, céim a bheidh maoinithe i gcomhar ag TG4 agus Fís Éireann. Is aitheantas é an maoiniú breise seo ar an rath ollmhór a bhí ar an tionscnamh go dtí seo, tionscnamh a bhfuil dlús curtha aige le déanamh scannán Gaeilge le blianta beaga anuas agus a bhfuil athrú cultúir cruthaithe aige i ndáil le héileamh an lucht féachana – an lucht féachana idirnáisiúnta agus sa bhaile araon – ar scannáin Ghaeilge.
 
Roghnófar suas le cúig thionscadal le haghaidh forbairt tosaigh, agus rachaidh péire acu ar aghaidh go dtí an dara babhta d’fhorbairt bhreise. Tá €25,000 breise ar fáil don chéim forbartha seo agus tá sé lánroghnach maidir le cé atá in ann leas a bhaint as. Cuirfear an dá thionscadal sin ar aghaidh ansin chun iarratas a dhéanamh ar an gcéad bhabhta léirithe cuí eile – Ciste ‘Fuaim agus Fís’ Choimisiún na Meán agus Maoiniú Léirithe Fhís Éireann.
 
Le tacaíocht ó TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, leanann scéim Cine4 de scéalaíocht láidir, bua físiúil agus ardluachanna léiriúcháin a spreagadh don scáileán mór. Anois agus an tionscnamh ina chúigiú bliain ó bunaíodh é in 2019, tá éirithe thar barr leis ag cur dlús le scannánaíocht na Gaeilge le blianta beaga anuas agus ag tacú le hathrú cultúir i ndáil le héileamh an lucht féachana – an lucht féachana idirnáisiúnta agus sa bhaile araon – ar scannáin Ghaeilge.
 
Is féidir iarratais a dhéanamh ar bhabhta 2024 de Cine4 anois, agus beifear ag glacadh leo go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2024.
 
Má theastaíonn tuilleadh sonraí nó tuilleadh eolais ar na riachtanais agus ar an gcaoi le hiarratas a dhéanamh uait, is féidir na treoirlínte iomlána a fháil anseo:
https://www.tg4.ie/Cine4-2024

TARRAC le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann ón 6 Deireadh Fómhair 2023

Cuireann PARKLAND ENTERTAINMENT & ECLIPSE PICTURES an scannán Gaeilge TARRAC i láthair

Faoi stiúir Declan Recks

Scríofa ag Eugene O’Brien

Léirithe ag Clíona Ní Bhuachalla

Is iad Kelly Gough, Lorcan Cranitch, Kate Nic Chonaonaigh, Kate Finegan, Rachel Feeney agus Cillian Ó Gairbhí na príomhaisteoirí
 

I gceantar álainn Chorca Dhuibhne ar leithinis an Daingin i gContae Chiarraí a taifeadadh an scannán Gaeilge seo TARRAC a bhfuil duaiseanna buaite aige agus is iad Kelly Gough (Kill Command, Out of Innocence) Lorcan Cranitch (Lakelands, Aisha, Róise & Frank) Kate Nic Chonaonaigh (An Cailín Ciúin, Song of Granite, Shadow Dancer), Kate Finegan (Joyride, Rós na Rún), Rachel Feeney (Belfast, Death on the Nile) agus Cillian Ó Gairbhí (Róise & Frank, Foscadh) na príomhaisteoirí.
 

Bhí an léiritheoir Clíona Ní Bhuachalla (Seamus Heaney – Out of the Marvellous, The Clinic), an scríbhneoir Eugene O Brien (Eden, Pure Mule) agus stiúrthóir Declan Reeks (Pure Mule, The Running Mate, Scúp) i mbun cainte maidir le scannán Gaeilge a dhéanamh.
 

Deir Eugene “gur ón gcroí a tháinig TARRAC dó féin, Declan agus Clíona agus go raibh Ciarraí ríthábhachtach don scannán. Is sa tírdhreach seo a bhfuil cáil ar fud an domhain air agus a mbíonn farraige mhór an Atlantaigh á réabadh a fhaightear an bád ar leith – an Naomhóg. Tá féiniúnlacht den scoth ag an áit sin ón teanga go tírdhreach, na pearsana agus an bád í féin go deimhin.”
 

Achoimre Ghearr
Filleann Aoife Ní Bhraoin (Kelly Gough) abhaile chun cabhrú lena hathair ‘The Bear’ Ó Braoin (Lorcan Cranitch) atá ag teacht aige féin tar éis taom croí. I rith an ama seo, caitheann Aoife dul i ngleic le bás a máthar, briseadh croí a bhfuil neamhaird déanta aici dó go dtí seo. Tá go leor fós nach bhfuil pléite aici féin agus ag a hathair. Cuireann Aoife aithne arís ar ghrúpa rámhaithe agus tugann an fhoireann seo, ar mná iad go léir, aghaidh ar an iomaíocht mhór a bhíonn i gceist leis na rásaí Naomhóg.
 

Dráma é TARRAC atá suite ar imeall an domhain, ar chósta agus ar fharraige Leithinis an Daingin. Áit ina bhfuil tíreolaíocht fhiáin, áit a bhfuil a hintinn féin ag an aimsir agus ag na daoine. Tá mórtas áite agus croíúlacht ag baint le TARRAC. Is dlúthstaidéar carachtair é ar bhean a n-éiríonn léi, tríd an tóir atá aici ar spórt, a bheith sásta arís agus glacadh léi féin. Tá greann, briseadh croí agus aicsean iontach mar aon le radhairc áille de thírdhreach agus d’fharraigí Ghaeltacht Chiarraí sa chúlra fite fuaite tríd an scannán. Is scannán é TARRAC faoi aghaidh a thabhairt ar an saol arís agus faoi chumhacht an mhaithiúnais.
 

Beidh TARRAC le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann ón 6 Deireadh Fómhair 2023
 

Icebox Films a léirigh TARRAC. TG4, Fís Éireann agus an BAI (Coimisiún na Meán) a mhaoinigh TARRAC mar chuid de scéim Cine4 chun bunscannáin fhada i nGaeilge a chur ar fáil.
 

Fad: 94 nóiméad / Deimhniú IFCO: 15a / Deimhniú BBFC: 15

Osclóidh an scannán gleoite Gaeilge (Róise & Frank) i bpictiúrlanna i SAM

Eiseofar an scannán Cine4 Róise & Frank i SAM inniu (An Aoine 31ú Márta). I nGaeilge atá an scannán sé.
 

Sa scannán léirítear Róise (Bríd Ní Neachtain) atá i ndiaidh a fear céile Frank dhá bhliain roimhe. Tá sí fós faoi bhrón agus í scoite amach óna teaghlach agus ón bpobal. Tagann madra mistéireach chuici agus is léir go bhfuil an madra an-mhór léi. Is breá leis an madra spórt agus feoil, agus tá cathaoir ar leith gur fearr leis sa teach. Samhlaítear do Róise gurb é an madra a fear chéile Frank tagtha chun na beatha arís. Ceapann a mac (Cillian Ó Gairbhí) go bhfuil sí imithe as a meabhair ar fad, ach glacann an pobal leis go bhfuil Frank tar éis filleadh. Is iad Rachael Moriarty agus Peter Murphy a stiúir Róise & Frank, agus ba é Cúán Mac Conghail ó Macalla Teo a léirigh é. Ba iad Macalla Teo a léirigh an scannán Gaeilge Arracht freisin.
 

TG4, Screen Ireland agus an BAI (Coimisiún na Meán) a mhaoinigh an scannán mar chuid de scéim Cine4 chun bunscannáin fhada i nGaeilge a chur ar fáil. D’éirigh go geal le Róise & Frank ar chamchuairt na bhFéiltí le tamaill anuas. Taispeánadh é ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus tá go leor gradam bainte aige lena n-áirítear Best Ensemble ag Féile Idirnáisiúnta na Scannán Bhaile Átha Cliath. Bhain sé Gradam an Lucht Éisteachta ag Féile Idirnáisiúnta Santa Barbara agus Sonoma freisin.
 

Tá cearta dáiliúcháin Mheiriceá Thuaidh faighte ag Juno Films don scannán Róise agus Frank.
 

Liosta na bpictiúrlainne i SAM ina mbeidh Róise & Frank le feiceáil: roiseandfrankmovie.com
 
Beidh Q&Aanna á n-eagrú ag Quad Cinema leis na scríbhneoirí / stiúrthóirí Rachael Moriarty & Peter Murphy an deireadh seachtaine seo : https://quadcinema.com/film/roise-frank/

 
Tá éacht bainte amach go hidirnáisiunta ag scannáin Ghaeilge le roinnt míonna. Níos luaithe i Márta 2023 bhí An Cailín Ciúin a san iomaíocht do ghradam Oscars in LA.
 
Bhí an scannán Gaeilge sin a bhfuil lear mór gradam bainte aige le feiceáil in amharclanna roghnaithe i SAM ó Mhí Feabhra 2023 ar aghaidh.

Scannán Gaeilge An Cailín Ciúin ainmnithe do Ghradam Oscar

Is lá fíor-stairiúil go deo é seo don scannán Gaeilge An Cailín Ciúin agus é i measc cúig scannán atá anois ainmnithe sa chatagóir ‘Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’ ag na Oscars. Is é an chéad scannán Gaeilge riamh é a bhfuil sé seo bainte amach aige. Fógrófar buaiteoirí na ngradam ar an 12 Márta 2023.

Roghnaigh IFTA an scannán Gaeilge i mí Lúnasa seo caite le cur ar aghaidh ar son na hÉireann don chatagóir. Ó shin i leith tugadh cuireadh do bhaill an Acadaimh páirt a ghlacadh sa réamhbhabhta vótála agus bhí orthu féachaint ar 15 scannán a bhí ar an ngearrliosta. Inniu fógraíodh go bhfuil ainmniúchán do ghradam Oscar faighte ag An Cailín Ciúin. Beidh ceithre scannán eile ó fud fad na cruinne san iomaíocht sa chatagóir céanna leis an scannán Gaeilge.

Is iad sin ‘All Quiet on The Western Front’, (An Ghearmáin) ‘Argentina, 1985’, (An Airgintín) ‘Close’, (An Bheilg) agus ‘EO’, (An Pholainn).

Scéal Cháit (Catherine Clinch) – cailín óg naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe mífheidhmiúil a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh atá faoi chaibidil sa scannán An Cailín Ciúin. Cé go gcuireann bean an tí Eibhlín (Carrie Crowley) fáilte chroíúil roimpi, fanann fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach uaithi, agus ise uaidhsean, ach le himeacht ama tosaíonn a gcairdeas ag neartú. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr bheatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.

Is é An Cailín Ciúin an chéad fadscannán ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus is í Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal a léirigh an scannán. Coimisiúnaíodh an scannán trí scéim Cine4 ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá breis is €1 milliún saothraithe ag an scannán An Cailín Ciúin sna pictiúrlanna, éacht den scoth i gcás scannán Gaeilge neamhspleách. D’éirigh go hiontach leis ag féilte idirnáisiúnta scannán, agus tá slám gradam buaite aige ón gcéad taispeántas ag Berlinale i mí Feabhra seo caite, lena n-áirítear an chéad scannán Éireannach a bhfuil ainmniúchán faighte aige do Scannán is Fearr na Bliana ag Ciorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath, gradam don Chineamatagrafaíocht is Fearr ag Gradaim Scannán na hEorpa 2022 do Kate McCullough, agus seacht ngradam IFTA agus go leor eile ó Sydney go Colorado. Ainmníodh an scannán do dhá ghradam BAFTA chomh maith don scannán is fearr i dteanga seachas an Béarla agus don script scannán is fearr a aistríodh ó shaothar eile.

Ag labhairt faoin ainmniúchán, is éard a dúirt an Scríbhneoir/Stiúrthóir, Colm Bairéad agus an Léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal, an comhlacht léiriúcháin atá taobh thiar den scannán: “Is mór an onóir dúinn é agus ní chreidimid é go bhfuil An Cailín Ciúin ainmnithe le haghaidh gradaim ag an 95ú bliain de Dhuaiseanna an Acadaimh. Is ócáid fíorstairiúil agus fíorthábhachtach í seo do scannáin na hÉireann, do mhuintir na hÉireann agus don Ghaeilge. Cheana riamh níor ainmníodh scannán Éireannach sa chatagóir seo. Cheana riamh ní bhfuair an ealaín Ghaeilge a leithéid d’ardán. Is ónár gcroí amach a tháinig an scannán seo agus is ardú croí a bhí ann dúinn an lucht féachana ar fud an domhain a fheiceáil ag glacadh leis isteach ina gcroí. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le comhaltaí an Acadaimh as glacadh go fonnmhar leis An Cailín Ciúin agus as an scannán a chur os comhair an domhain mhóir. Tá buíochas ollmhór le glacadh againn freisin le lucht maoinithe an scannáin seo; TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, Gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann, Bankside Films agus lenár ndáileoirí iontacha ar fud an domhain.”

Is éard a dúirt Alan Esslemont Ard-Stiúrthóir TG4, “Tá an-chion go deo ag lucht na bpictiúrlann ar fud an domhain ar ‘An Cailín Ciúin’, agus tá curiarrachtaí domhanda bainte amach aige. Tá sárshaothar clasaiceach cruthaithe ag Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoí agus is cúis mhór bróid é sin, dúinne a labhraíonn an teanga seo agus do na daoine ar fud an domhain a thuigeann an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge do chultúr agus do chruthaitheacht na hÉireann. Tréaslaím le gach duine a chruthaigh an scannán seo – an chliar agus an criú, mo chomhghleacaithe féin i TG4 agus ár gcomhpháirtithe i bhFís Éireann agus in Údarás Craolacháin na hÉireann. Ba é an aidhm a bhí le scéim ‘Cine4’ scannáin Ghaeilge a chur chun cinn do phobal na Gaeilge ach i ndáiríre tá athrú ó bhonn tagtha anois ar earnáil scannánaíochta na hÉireann mar gheall uirthi. Réitigh Colm agus Cleona an bealach i dtreo Ghradam Oscar agus inniu déanaimid ceiliúradh ar an éacht ollmhór sin.”

€1 Milliún Saothraigh ag An Cailín Ciúin i bPictúrlanna na hÉireann agus Na Ríochta Aontaithe

Tar éis 22 seachtain dochreidte aige i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, tá breis is €1 milliún saothraithe ag an scannán An Cailín Ciúin ag oifig na dticéad anois, éacht den scoth i gcás scannán neamhspleách. Ó eisíodh an scannán mí Bealtaine seo caite, d’éirigh go hiontach leis ag féilte idirnáisiúnta scannán, tá slám gradam buaite aige agus tá an-chion ag na léirmheastóirí air, le léirmheasanna 5 réalta faighte aige uathu ar fad. Is é An Cailín Ciúin iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag 95ú Gradaim bliantúla an Acadaimh a bheidh ar siúl go luath.
 

Is éard a dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Déanann TG4 comhghairdeas le gach duine ag Inscéal agus lena gcomhpháirtithe cruthaitheachta agus dáileacháin as an gcloch mhíle iontach seo do ‘An Cailín Ciúin’ ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa RA. Ach go speisialta gabhaimid buíochas le Cleona agus Colm as an scannán álainn seo faoi theanga, faoi chiúnas agus faoin ngrá a chruthú. Breathnaítear air ar fud an domhain cheana féin mar cheann de mhórscannáin na hÉireann. Is dearbhú iontach é freisin ar chaighdeán na ndaoine cumasacha a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus is ionann é agus ardmholadh don chomhpháirtíocht idir TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann a sheol an scéim Cine4 agus a thugann lucht na pictiúrlainne go rialta isteach i saol nua – saol na scannán Gaeilge.”
 

Is ar Foster, scéal a bhfuil ardmheas air leis an údar Éireannach Claire Keegan atá An Cailín Ciúin bunaithe. Is dráma cáiréiseach ón gcroí é maidir le teacht in aois, ina bhfiosraítear go mion a bhfuil i gceist le teaghlach, trí shúile cailín óig a bhfuil neamart déanta inti. Tá an scéal suite faoin tuath in Éirinn sa bhliain 1981, agus leanann sé Cáit (Catherine Clinch) tráth a seoltar í óna teach plódaithe mífheidhmiúil chuig gaolta i bhfad amach, chun cónaí leo don samhradh. Cuireann Eibhlín (Carrie Crowley) fáilte mhór chroíúil roimpi, ach coinníonn a fear céile (Andrew Bennett) fad a sciatháin uaidh í. Diaidh ar ndiaidh, áfach, cothaítear dáimh sa teaghlach ionaid seo agus tosaíonn Cáit ag teacht i mbláth faoina gcúram. Ach sa teach seo atá in ainm is a bheith ina tearmann gan rúin, tugann sí an fhírinne shearbh chun solais.

Is í Cleona Ní Chrualaoi in Inscéal a léirigh AN CAILÍN CIÚIN faoi scéim mhaoinithe Cine4 do scannán Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Fuair an scannán dreasacht chánach Alt 481 ó Rialtas na hÉireann freisin.
 

Is éard a dúirt Nell Roddy agus Robert McCann Finn, Comhstiúrthóirí Bainistíochta Break Out Pictures, maidir leis an rath leanúnach atá aige: “Is toradh den scoth é agus tá ríméad orainn gur ghlac an lucht féachana ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe an scannán seo chuige féin, mar a rinneamar féin. Is iontach an gaisce é do scannán ar bith breis is €1 milliún a bheith saothraithe aige, ach tá sé níos iontaí fós i bhfianaise chomh deacair is atá cúrsaí leis an margadh, agus é ag éirí níos deacra i gcaitheamh an ama. Míle buíochas do gach duine a tháinig amach chun breathnú ar an scannán speisialta seo agus do na pictiúrlanna ar fad as an tacaíocht dhaingean a thug siad dúinn. Comhghairdeas mór le Colm, Cleona agus an fhoireann go léir a d’oibrigh ar ‘An Cailín Ciúin’ as an gcloch mhíle shuntasach seo a bhaint amach.”

An Cailín Ciúin roghnaithe ag IFTA do na Oscars

Tá sé fógartha ag IFTA inniu gurb é an scannán An Cailín Ciúin atá roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir ‘Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’. Is é seo an tríú bliain as a chéile a bhfuil scannán ón scéim CINE4 roghnaithe ag IFTA le cur ar aghaidh ag na Gradaim Oscars.
 
Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus ón léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal bunaithe ar an leabhar ‘Foster’ le Claire Keegan. Scéal casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.
 

Taispeánadh An Cailín Ciúin den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín Berlinale i Mí Feabhra agus bhain sé Duais an Grand Prix of the Generation Kplus don Scannán Is Fearr amach ann. Chuir An Cailín Ciúin tús le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media i mbliana freisin, an chéad uair a bhfuil tús curtha ag scannán Gaeilge leis an bhféile agus bronnadh gradam don scannán Éireannach is Fearr agus Duais an Lucht Féachana air. Ag na Gradaim IFTA i Mí Márta, bronnadh ocht ngradam ar fad ar an scannán; ‘Scannán is Fearr’, ‘Stiúrthóir is Fearr’ agus ‘Ban-Aisteoir is Fearr’ ina measc. Tá an scannán fós sna pictiúrlanna in Éirinn agus sa Bhreatain ó eisíodh é i Mí Bealtaine agus tá os cionn €800,000 caite ag oifig na dticéad go dtí seo. Tá sé ar taispeáint freisin sa Nua Shéalainn agus beidh sé á eisiúint i Mí Meán Fómhair san Astráil, chomh maith le bheith ar taispeáint ag féilte scannán idirnáisiúnta eile sa Téaváin áit ar bronnadh Gradam an Lucht Féachana air ag Féile Scannán Taipei, i Hong Cong agus Féile Scannán Sydney.
 

Tá léirmheastóirí agus an lucht féachana ar aon fhocal faoin scannán agus cúig réalta á dtabhairt acu araon.
 

Insíonn ‘An Cailín Ciúin’ scéal Cháit (Catherine Clinch) – cailín óg naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Crowley), d’fhan fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.
 

Dúirt Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4, “Comhghairdeas ó chroí le Inscéal, le Colm agus Cleona, leis an gcliar agus le gach duine a raibh páirt acu in An Cailín Ciúin as bheith roghnaithe d’iontráil na hÉireann ag na Oscars. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh freisin le Máire Ní Chonláin, Léiritheoir Feidhmiúcháin an scannáin i TG4 agus lenár gcomhleacaithe i bhFís Éireann agus in Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá An Cailín Ciúin tar éis dul i bhfeidhm go mór ar gach duine a bhfuil sé feicthe acu go dtí seo, anseo sa mbaile agus ar lucht féachana ar fud an domhain sa mBreatain, an Eoraip, An Nua-Shéalainn, An Téaváin agus An Astráil. Is léir go bhfuil ag éirí le scéim Cine4 tionscal scannán na Gaeilge a fhorbairt agus tá TG4 thar a bheith bródúil as sin.”
 

Dúirt Máire Ní Chonláin, Léiritheoir Feidhmiúcháin TG4, “Is de bharr fhís agus tallann na beirte, Colm agus Cleona a bhfuil An Cailín Ciúin roghnaithe d’iontráil na hÉireann do na Oscars. Tá seoid de scannán cruthuithe acu, agus scoth na n-aisteoirí agus criú páirteach ann. Tá sé tuillte ag gach duine díobh. Treaslaím a n-ainmniúchán leo. Go maire siad a nuacht.”
 

Dúirt Scríbhneoir/Stiúrthóir, Colm Bairéad agus Léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal “Is mór an onóir dúinn go bhfuil An Cailín Ciúin roghnaithe d’iontráil na hÉireann don 95ú Gradaim na hAcadamh sa chatagóir Fadscannán Idirnáisiúnta is Fearr. Ár mbuíochas ó chroí le IFTA agus a choiste roghnúcháin. Chreideamar i gcónaí sa smaoineamh go bhféadfadh scannán Gaeilge seasamh gualainn ar ghualainn le scoth na scannánaíochta domhanda agus mothaímid chomh bródúil as a bheith ag déanamh ionadaíochta thar ceann ár dtír agus ár dteanga ar an mbealach seo. Ba mhór an phribhléid é “Foster” le Claire Keegan a chur in oiriúint don scáileán mór agus ní féidir linn fanacht lenár scannán a chur os comhair baill den Acadamh agus An Cailín Ciúin ag leanúint lena leathadh amach ar an ardán idirnáisiúnta. Ní bheadh aon chuid de seo indéanta gan fís TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann a chomh-mhaoinigh an scéim cheannródaíoch Cine4, a bhfuil glúin nua de scannáin Ghaeilge cruthaithe aige atá á aithint ar fud an domhain.”

Ocht ngradam IFTA bronnta ar an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin

Bronnadh ocht ngradam IFTA ar an scannán Gaeilge ó scéim CINE4, An Cailín Ciúin anocht.   Bronnadh príomh-ghradam na hoíche don 'SCANNÁN IS FEARR' ar An Cailín Ciúin a bhí ainmnithe sa chatagóir chéanna le scannán Kenneth Branagh, Belfast, Deadly CutsYou are Not My MotherSwan Song agus Who We Love. Thug réalta óg An Cailín Ciúin, Catherine Clinch an gradam léi don 'Ban-Aisteoir is Fearr' dá páirt Cáit sa scannán.  Bronnadh an IFTA don Stiúrthóir is Fearr ar Cholm Bairéad agus bronnadh Gradam Réalta Nua Fís Éireann air chomh maith.

Fuair Kate McCullough an IFTA don Cineamatografaíócht is Fearr, agus John Murphy don Eagarthóireacht is Fearr.  Bronnadh gradam IFTA don Cheol is Fearr is Stephen Rennicks agus gradam don Dearadh Léirithe is Fearr ar Emma Lowney.

Insíonn An Cailín Ciúin scéal Cháit (Catherine Clinch), cailín naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Crowley), d’fhan fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin. 

Tá An Cailín Ciúin bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan, agus dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.  Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus ón léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal.

Ó taispeánadh den chéad uair ag Berlinale é i Mí Feabhra, tá ard-mholadh á fháil ag an scannán ó léirmheastóirí anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus gradaim buaite ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín.  

Dúirt Cleona Ní Chrualaoi, Léiritheoir An Cailín Ciúin, "Tá lúcháir orainn go bhfuil ocht ngradam IFTA buaite ag foireann An Cailín Ciúin, an Scannán is Fearr, an Stiúrthóir is Fearr agus an Príomh-Aisteoir is Fearr san áireamh. Sáraíonn sé seo gach a raibh muid ag súil leis! Tá ríméad orainn dár bpríomhaisteoir, Catherine Clinch agus dár gcriú iontach a bhuaigh duaiseanna sna catagóirí; Cineamatagrafaíocht, Eagarthóireacht, Dearadh Léiriúcháin agus Ceol. Is cúis mhór bhróid dúinn é gurb é seo an chéad uair gur bhuaigh scannán Gaeilge sa chatagóir don Scannán is Fearr. Tá éacht déanta freisin ag ár scríbhneoir/stiúrthóir, Colm Bairéad a bhuaigh na gradaim, Stiúrthóir is Fearr agus an IFTA - Screen Ireland Rising Star araon. Is rud iontach stairiúil é an méid atá bainte amach ag an scannán. Ár míle buíochas do IFTA as na honóracha ollmhóra seo.” 

Dúir Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe An Cailín Ciúin i TG4, "Tá TG4 ríméadach agus an-mhórálach gur thacaigh muid leis an scannán speisialta seo i bpáirt le Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann faoin scéim Cine4.   Buíochas do bhaill IFTA a chonaic an ard-chaighdeán tallainne atá sa scannán draíochtúil seo. Tá na gradaim seo tuillte go mór ag an gcomhlacht Inscéal, ag an gcliar agus ag an bhfoireann uile a ghlac páirt ann."   

Gradaim bronnta ar An Cailín Ciúin agus Róise & Frank ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Virgin Media

Bronnadh gradaim ar dhá scannán ó scéim CINE4 TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann inniu ag gradaim Ciorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath (DFCC) ar oíche dheireanach na Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Virgin Media.  Bronnadh gradam don SCANNÁN ÉIREANNACH IS FEARR ar An Cailín Ciúin, agus gradam don CLIAR IS FEARR ar an scannán Róise & Frank.

Insíonn An Cailín Ciúin scéal Cháit (Catherine Clinch), cailín naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Crowley), d’fhan fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin. 

Tá An Cailín Ciúin bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan, agus dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.

Taispeánadh An Cailín Ciúin den chéad uair Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín Berlinale an mhí seo agus bhain sé Duais an Grand Prix of the Generation 14plus International Jury don Scannán Is Fearr amach. D'oscail An Cailín Ciúin Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus bhí sé á thaispeáint ag Féile Scannán Ghlaschú thar an deireadh seachtaine.  Tá ard-mholadh tugtha ag léirmheastóirí don scannán go dtí seo

Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus ón léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal. Bronnadh Gradam Aimsithe Aer Lingus ar Cholm Bairéad níos luaithe an tseachtain seo.

Bronnadh gradam don chliar is fearr ar an scannán gleoite Róise & Frank.  Léirítear sa scannán Róise (Bríd Ní Neachtain) a chaill a fear céile Frank dhá bhliain roimh réidh.  Tá sí fós faoi bhrón agus í scoite amach óna teaghlach agus ón bpobal. Tagann madra mistéireach chuici agus is léir go bhfuil an madra an-mhór léi. Is breá leis an madra spórt agus feoil, agus tá cathaoir ar leith gur fearr leis sa teach. Samhlaítear do Róise gurb é an madra a fear chéile Frank tagtha chun beatha arís. Ceapann a mac (Cillian Ó Gairbhí) go bhfuil sí imithe as a meabhair ar fad, ach glacann an pobal leis go bhfuil Frank tar éis filleadh. 

Is iad Rachael Moriarty agus Peter Murphy a stiúraigh Róise & Frank, agus Cúán Mac Conghail ó Macalla Teo a léirigh. Ba iad Macalla Teo a léirigh an scannán Gaeilge Arracht freisin. 


Dúirt Cleona Ní Chrualaoi, Léiritheoir An Cailín Ciúin, "Is mór an onóir é dúinn gur bronnadh an gradam don Scannán Éireannach is Fearr orainn i mbliana. Tháinig an oiread sin scannáin Éireannacha iontacha ar an bhfód le déanaí gur cúis bhróid nach beag é gur roghnaíodh ár scannán óna measc. Is moladh mór é seo don scéim Cine4, faoinar leíríodh An Cailín Ciúin, agus do fhís TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt agus a mhaoiniú. Míle buíochas leis na maoinitheoirí seo, lenár sár-cliar agus criú, le Ciorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath agus le Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Virgin Media a chreid inár scannán agus a chuir é faoi bhráid lucht féachana Éireannach don chéad uair."


Dúirt Rachael Moriarty, Stiúrthóir Róise & Frank, "Tá ríméad an domhain orm gur thaitin Róise & Frank thar cionn leis an lucht féachana ag DIFF! Foireann aisteoirí den scoth a thug chuig an scáileán mór é agus aitheantas tuillte acu gan aon agó. Scéal mealltacht é Róise & Frank le féith grinn agus croí mór leis. Tá an scannán á thaispeáint faoi láthair i bhFéile Scannánaíochta Santa Barbara, i gCalifornia S.A. agus tá an lucht féachana anseo ag baint taitneamh iontach as - agus ag gáire! "

Do go leor anseo is é seo an chéad uair dóíbh Gaeilge a chloisteáil agus iománaíocht a fheiceáil! 


Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont“Tréaslaíonn TG4 le Inscéal agus le Macalla as na gradaim atá faighte ag An Cailín Ciúin agus Róise & Frank ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath. Tá ábhar Gaeilge a sholáthar don lucht féachana ar gach ardán i gcroílár fhís TG4 agus táimid riméadach faoin réimse scannán Ghaeilge den chéad scoth atá ann anois de bharr scéim CINE4.   Tugann na gradaim seo aitheantas do chaighdeán na foirne léiriúcháin agus cliar ag leibhéal idirnáisiúnta." 


Beidh an dá scannán i bpictiúrlanna ar fud na tíre níos déanaí i mbliana. 

'Arracht' roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr

Tá TG4 thar a bheith ríméadach faoin bhfógra atá déanta ag IFTA inniu go bhfuil Arracht, an príomhscannán Gaeilge a d’eascair as tionscnamh Cine4 roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag an 93ú Gradaim bliantúla an Acadaimh a bheidh ar siúl go luath.
 
Comhpháirtíocht idir TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) é ‘Cine4’ chun fadscannáin Ghaeilge bhunaidh a fhorbairt.
 
Tom Sullivan a scríobh agus a stiúir Arracht agus is iad Dónall Ó Héalaí, Star of Tomorrow 2020 Screen International, chomh maith le Dara DevaneyMichael McElhatton, agus aisteoir eile nach bhfuil an t-achar sin ar bóthar, Saise Ní Chuinn, na príomhaisteoirí. Cúán Mac Conghail a rinne Arracht a léiriú do Macalla Teoranta agus ba iad Brendan McCarthy agus John McDonnell ó Fantastic Films na léiritheoirí feidhmiúcháin. Taispeánadh Arracht, a raibh moladh mór faighte aige, den chéad uair ag Féile mór le rá Scannán Tallin Black Nights in 2019.
 
In Éirinn sa bhliain 1845 atá an Arracht suite agus insítear scéal Cholmán Sharkey, iascaire, fear atá pósta agus a bhfuil clann aige, a thugann dídean d’fhear strainséara ar ordú ón sagart. Ní bhíonn Patsy, iarshaighdiúir, i bhfad sa tír nuair a bhuaileann ‘an dúchan’, a raibh an Phlá Mhór mar thoradh uirthi agus a chuireann leis na milliúin daoine a chur as a n-áit féin agus lena mbás. Fad agus atá na prátaí ag lobhadh, téann Colmán, a dheartháir agus Patsy go dtí teach an Tiarna Talún Shasanaigh agus iarraidh air gan an cíos a ardú mar go gceapann Colmán go gcuirfidh sé deireadh ar fad leis an bpobal. Ní fhaigheann sé aon aird áfach agus cuirfidh an méid a dhéanann Patsy ina dhiaidh sin ar bhóthar Colmán a mbeidh air troid dá bheatha agus dá chéille. Ní go dtí go gcastar cailín óg atá fágtha aisti féin a bhfaigheann Colmán suaimhneas. Díreach in am don dorchadas a bhain leis an am atá caite teacht ar ais chuige arís.
 
Chuir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 fáilte roimh fhógra an lae inniu agus dúirt “Go ró-mhinic, bíonn tallann chruthaitheach na Gaeilge dofheicthe in Éirinn, toisc go gcruthaíonn siad, go ndéanann siad aisteoireacht nó go gcraolann siad i mionteanga na tíre. Mar sin nuair a sheol TG4, Fís Éireann agus an BAI scéim Cine4, dúirt muid gur roghnaigh muid dul, ní chun na gealaí, ach chuig na Oscars. An fhís a bhí leis, aitheantas idirnáisiúnta a lorg d’oibreacha cultúrtha agus cruthaitheacha i nGaeilge. Ba mhaith linn cineama na Gaeilge a fheiceáil ag forbairt, a bheith aitheanta go náisiúnta agus meas domhanda a bhaint amach. Molaim Macalla agus gach duine a bhfuil baint acu le ‘Arracht’ as a gcuid tallainne, díograis agus creidimh sa scannán láidir seo a bhfuil gradaim mhóra náisiúnta agus idirnáisiúnta buaite aige cheana agus atá aitheanta anois ag Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann.”
 

Is éard a dúirt Tom Sullivan, scríbhneoir/stiúrthóir Arracht: “Tá ríméad an domhain orm faoin nuacht go bhfuil Arracht roghnaithe ag coiste roghnúcháin IFTA chun an fód a sheasamh d’Éirinn ag na Oscars sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is fearr. Is aitheantas é seo ar obair agus ar dhíograis na foirne agus is mór an onóir é a bheith breithnithe ar an leibhéal seo agus is iontach an scéala é. Cé gur bhliain aisteach a bhí inti d’earnáil na scannán choinnigh an méid tacaíochta atá faighte ag Arracht ó gach duine ag imeacht muid. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl dár gcisteoirí Fís Éireann, an BAI, agus TG4 agus do IFTA chomh maith as bhur dtacaíocht go léir”
 

Coiste Roghnúcháin speisialta IFTA a roghnaigh Arracht agus bhí an Stiúrthóir Lenny Abrahamson (Normal People, Room, Frank), an tAisteoir Ciarán Hinds(Munich, The Woman in Black, Tinker Tailor Soldier Spy), an Cumadóir, agus an chéad stiúrthóir mná ag na Oscars, Eímear Noone, an Léiritheoir Macdara Kelleher (Foundation, The Green Knight, Black ’47), an t-aisteoir Fionnula Flanagan (The Guard, The Others) agus David Flynn (Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin don Straitéis Idirnáisiúnta i Paramount TV) i measc bhaill an choiste. Áine Moriarty, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh a bhí ina cathaoirleach ar an gCoiste.
 
Bhuaigh Arracht dhá Ghradam IFTA ag Searmanas Gradam na bliana seo chomh maith le 9 nAinmniúchán eile IFTA. Ó taispeánadh den chéad uair i dTaillinn é, tá gradaim buaite ag Arracht ag féilte eile lena n-áirítear Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, Fleadh Scannán na Gaillimhe, agus Féile Scannán Ghlaschú.
 
Déanfar gearrliosta de na Scannán Idirnáisiúnta is Fearr atá san iomaíocht go dtí 10 iomaitheoir idirnáisiúnta agus déanfar gearrliosta go dtí an 5 Ainmniúchán Oscar sa chatagóir sin dóibh sa deireadh roimh shearmanas na Oscars, a bhí le bheith ar siúl ar dtús ar an 28 Feabhra, ach a bheidh ar siúl anois in Aibreán 2021, mar gheall ar phaindéim an Choróinvíris.
 
Beidh an searmanas don 93ú Gradam Acadaimh (na Oscars) ar siúl i dTéatar Dolby in Hollywood, Los Angeles, California Dé Domhnaigh an 25 Aibreán 2021 agus tabharfaidh onóir do scannáin is fearr na bliana 2021.
 
Eiseoidh Break Out Pictures ARRACHT chuig pictiúrlanna na tíre in Earrach 2021.

Gradam an Lucht Féachana buaite ag Arracht ag an gcéad taispeántas den scannán sa Ríocht Aontaithe agus Gradam don Scannán Éireannach is Fearr buaite aige i mBaile Átha Cliath

Arracht, fadscannán Gaeilge a rinneadh mar chuid den tionscnamh Cine4 ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Tionscnamh nua é Cine4 chun fadscannáin úrnua Ghaeilge a fhorbairt. Taispeánadh Arracht den chéad uair ar domhan ag an 23ú Féile Scannán Tallin Black Nights, san Eastóin i mí na Samhna, taispeánadh den chéad uair in Éirinn é ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media i mí Feabhra agus is ag Féile Scannán Ghlaschú a taispeánadh don chéad uair é sa Ríocht Aontaithe an tseachtain seo caite. Tá moladh mór faighte ag an scannán go dtí seo agus beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna anseo in Éirinn ón 3ú Aibreán.

Scannán lánfhada ó Tom Sullivan is ea Arracht arna léiriú ag Cúán Mac Conghail do Macalla Teo agus ina bhfuil Dónal Ó Héalaí sa phríomhpháirt.

 

In Éirinn sa bhliain 1845 atá an scannán seo suite agus insítear scéal Cholmán Sharkey, iascaire, fear atá pósta agus a bhfuil clann aige, a thugann dídean d’fhear strainséara ar ordú ón sagart. Ní bhíonn Patsy, iarshaighdiúir, i bhfad sa tír nuair a bhuaileann ‘an dúchan’ na fataí. An Gorta Mór a thoradh uirthi agus caitheann na milliúin daoine imeacht as an áit nó bás a fháil.

 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont “Tréaslaíonn TG4 le Arracht an t-aitheantas atá faighte aige ón lucht féachana ar an gcéad taispeáint den scannán sa Ríocht Aontaithe. Tá ábhar Gaeilge a sholáthar ar gach ardán i gcroílár fhís TG4 don lucht féachana agus cuirtear scannáin Ghaeilge de scoth an domhain ar fáil le maoiniú Cine 4 a bhíonn le taispeáint i bpictiúrlanna. Tá moladh mór faighte ag Arracht ó taispeánadh den chéad uair é ag Féile Scannán Tallinn i mí na Samhna agus le Gradam an Lucht Féachana tugtar aitheantas do chumas agus do scileanna na foirne léiriúcháin i margadh closamhairc domhanda. “

 

Bronnadh gradam don Scannán Éireannach is Fearr ar Arracht freisin ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus bronnadh an gradam don Aisteoir is Fearr ar Dhónal Ó Héalaí ag faoi Ghradam Aimsithe Aer Lingus mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Virgin Media.

Fadscannán Cine4 Finky le taispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Tá Finky, an chéad fadscannán ó scéim Cine4, scéim atá bunaithe ag TG4, Fís Éirinn (FÉ) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) chun tacaíocht a thabhairt do shaothar nua bríomhar fadscannáin as Gaeilge, roghnaithe le taispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Scannán ar leith an scannán ina bhfuil drámaíocht den chéad scoth. Tráthnóna an 11 Iúil ag 6pm a thaispeánfar den chéad uair riamh é in Amharclann Halla an Bhaile.

Ina theannta sin tá babhta 4 do Cine4 á fhógairt. Mar aon le babhtaí roimhe seo tá critéir áirithe ann. Is é an príomhchritéar do bhabhta 4 ná go gcaithfidh an stiúrthóir a bheith baineann. Is scéim í seo i leith scannáin fhada drámaíochta (90 go 120 nóiméad).  Gach eolas ag www.cine4.ie

Ag labhairt faoi babhta 4 do Cine4 deir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, “Tá drámaíocht trí Ghaeilge i gcroílár na físe atá againn don lucht féachana ó bunaíodh TG4 agus tá duaiseanna idirnáisiúnta agus náisiúnta buaite ag ár gcuid léiritheoirí. Tugann an forás leanúnach atá ar an scéim tábhachtach comhpháirtíochta seo scannánaíocht i nGaeilge chuig leibhéal eile. Is léir ón gcéad scannán faoin scéim, Finky, a chuirfear os comhair an phobail den chéad uair riamh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, go bhfuil baile eile faighte ag ábhar TG4 – an phictiúrlann.  Faoin scéim, tugtar deis do léiritheoirí neamhspleácha in Éirinn a gcumas agus a gcuid scileanna a chur os comhair an phobail ag an leibhéal is airde agus tá súil againn go gcuirfear deiseanna ar fáil dóibh sa mhargadh closamhairc freisin, margadh atá ag éirí níos domhandaithe de réir a chéile, i gcomhair ábhar drámaíochta.” 

Dúirt Michael O’ Keeffe, Príomhfheidhmeannach, Údarás Craolacháin na hÉireann “Tá an-áthas ar Údarás Craolacháin na hÉireann leanúint dá chomhpháirtíocht le TG4 agus Fís Éireann chun tacaíocht a thabhairt don tionscnamh Cine4.   Tacaítear faoin scéim le hábhar craolacháin ar ardchaighdeán in Éirinn a fhorbairt agus treisíonn an scéim tiomantas Údarás Craolacháin na hÉireann chun an teacht atá ag an lucht féachana ar chláir Ghaeilge ar ardchaighdeán a chothú, a chur chun cinn agus a mhéadú.”

Ceiliúradh ar an saol, an grá, an bás agus ar chumhacht na healaíne an cur síos atá déanta ar Finky. Arna chomhscríobh ag Keane agus Diarmuid de Faoite, is scannán é faoi Micí Finky, ceoltóir agus puipéadóir ar mian leis éalú ón am a caitheadh, a thugann a aghaidh go hAlbain in éineacht le seanchara leis chun tabhairt faoi shaol den chineál eile. Ar an gcéad oíche dóibh i nGlaschú, baineann timpiste do Finky agus fágtar gan lúth na ngéag óna bhásta síos é. Bíonn sé i ndroch-chaoi nó go dtagann Carnival Chaotica, compántas sorcais avant-garde, a thugann seans dó ar an saol arís. De réir mar a théann a aistear chun donais agus aistíola, tuigeann Finky go gcaithfidh sé dul i ngleic leis an saol cráite atá caite aige má tá sé le suaimhneas ar bith a fháil.

Maidir le roghnúchán Finky, dúirt an Stiúrthóir Dathaí Keane:

Tá ríméad orm ‘Finky’ a thaispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Is mór an onóir é an scannán a bheith roghnaithe ó tharla gur as Gaillimh mé féin agus is minic a d’fhreastail mé ar a bhféile agus mé ag éirí aníos.   Is scannán an-phearsanta é Finky agus táim ag súil é a roinnt leis an lucht féachana den chéad uair.   Is as iarthar na tíre freisin go leor den chliar agus den chriú agus mar sin níl áit is fearr chun an scannán a sheoladh.

Pictiúir ón seoladh ar fáil ó Sean Ó Mainnín 087-2220241

Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864

Glaoch ar iarratas.

Scéim Forbartha do scannáin fhada drámaíochta I nGaeilge.

Spriocdháta: 15ú Iúil, 2019

Tá  an scéim seo bunaithe ag TG4, Bord Scannán na hÉireann (BSÉ) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) chun tacaíocht a thabhairt do shaothar nua bhríomhar fadscannán as Gaeilge, léirithe ag comhlachtaí le ard-scileanna cruthaitheacha.

Tá mar aidhm ag Scéim Cine4 scéalaíocht láidir, samhlaíocht fhísiúil agus luachanna arda léirithe a spreagadh.    Caithfear a léiriú san iarratas gur scannán é a bheadh tarraingteach don lucht féachana Gaeilge, lucht féachana Éireannach agus lucht féachana idirnáisiúnta.  Beidh buiséad de suas le €1.2 milliún ag na tionscnaimh a léireofar agus beidh ‘tréimhse phictiúrlanna’ ag na scannáin a léirítear faoin scéim tréimhse ina mbeidh siad páirteach i bhféilte scannán agus ar taispeáint i bpictiúrlanna sula gcraolfar ar TG4 iad.

Tá trí chéim sa scéim (i) iarratas tosaigh (ii) an chéim fhorbartha agus (iii) an chéim léiriúcháin.  Tar éis iarratais a fháil, roghnóidh painéal de mheasúnóirí ó TG4, BSÉ agus BAI chúig thionscnamh (ar a mhéid).  Tabharfar maoiniú do na comhlachtaí a roghnaítear na tionscnaimh a fhorbairt agus buiséad suas le €25,000 (cómhaoinithe ag TG4, BSÉ agus BAI) ar fáil do gach tionscnamh.   Ag deireadh na forbartha, roghnóidh TG4 agus BSÉ suas le dhá cheann de na tionscnaimh agus cuirfear ar aghaidh iad chuig an chéad bhabhta cuí eile den chiste Fís agus Fuaim de chuid an BAI, agus an aidhm iad a léiriú mar scannáin fhada.

Cé atá i dteideal cur isteach ar an scéim?

Tá an scéim oscailte do chomhlachtaí clos-amhairc leis an taithí chuí agus atá in ann a chruthú go  bhfuil cearta soiléire acu ar gach cuid den ábhar atáthar a fhorbairt do léiriú don scáileán mór.

Tabharfar tosaíocht do chomhlachtaí léirithe

  • a bhfuil polasaí soiléir acu an Ghaeilge a fhorbairt mar theanga oibre léiriúcháin,

  • a bhfuil sé mar aidhm thábhachtach acu cothromaíocht inscne a bhaint amach sa    bhfoireann chruthaitheach a roghnaíonn siad agus

  • do chomhlachtaí a bhfuil cultúr iontu i bhfabhar comhléirithe agus idirnáisiúnaithe.

Na critéir cháilitheachta

  • Is scéim é seo do scannáin fhada drámaíochta (90 go 120 nóiméad).  Níl scannáin beochana inghlactha.

  • Stiúrthóir baineann.

  • Ní ceadmhach don léiritheoir a bheith freisin mar stiúrthóir ar an tionscnamh.

  • Níl aon srian ar ghenre, ar stíl scéalaíochta, ar ábhar nó ar eilimintí eile sa script/scéal ach caithfidh na tionscnaimh teacht le téamaí na scéime Fuaim agus Fís de chuid an BAI chun maoiniú léiriúcháin a thuilleamh.

  • Ní ghlacfar le tionscnaimh a fuair maoiniú forbartha roimhe seo ó TG4, BSÉ nó ó aon áisíneacht eile.

  • Níl Scéim Cine4 oscailte do mhic léinn lánaimseartha nó páirtaimseartha.

  • Níor cheart do na buiséid léiriúcháin do gach tionscnamh dul thar €1,200,000 agus tiocfaidh an maoiniú ó TG4, BSÉ, BAI (má éiríonn leis na h-iarratais tacaíocht a fháil ón scéim Fuaim agus Físe) agus ó scéim Alt 481.  Níor cheart aon mhaoiniú breise tríú páirtí a lorg.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh

  • An sprioc-am le haghaidh iarratais ná Dé Luain 15ú Iúil, 2019 ag 3pm. Ní ghlacfar le hiarratais atá mall nó easnamhach agus caithfidh na comhlachtaí iad féin déanamh cinnte gur seachadadh na hiarratais.

  • Caithfear na hiarratais a chur isteach go leictreonach, i nGaeilge via córas leictreonach coimisiúnaithe TG4. Mura bhfuil an comhlacht cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin http://update.tg4.ie/ecomm/login.php , agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘Cine4 – Forbairt 2019’, ón roghchlár anuas.  Tiocfaidh admháil chugat go leictreonach go huathoibríoch.

  • Má tá aon cheist maidir leis an bpróiseas leictreonach seachadta, cuir r-phost chuig Anna Marie Nic Dhonnacha - annamarie.nic.dhonnacha@tg4.ie annamarie.nic.dhonnacha@tg4.ie

Riachtanais an Iarratais

  • Ceannlíne (suas le 25 focal) agus Achoimre Ghairid (suas le leath-leathanach A4)

  • Achoimre/Imlíne (uasmhéid 6-10 leathanach)

  • Nótaí an Stiúrthóra faoin tionscnamh (uasmhéid leathanach amháin)

  • Nótaí cruthaitheacha an Léiritheora faoin tionscnamh (uasmhéid 1 leathanach)

  • Sonraí maidir leis an gcroí-fhoireann chruthaitheach - léiritheoir, scríbhneoir, stiúrthóir (uasmhéid 1 leathanach, uile le cheile)

  • Buiséad don fhorbairt (uasmhéid1 leathanach)

  • Fianaise go bhfuil úinéireacht ar chearta.

Ba cheart na míreanna seo uile a chur le chéile mar cháipéis shoiléir pdf amháin agus é a uaslódáil chuig córas coimisiúnaithe TG4 mar atá mínithe thuas.

Tuilleadh eolais

Beidh feidhmeannaigh de chuid TG4 ar fáil roimh an spriocdháta do chruinnithe gairide. Le cruinniú a shocrú, nó má ta aon cheisteanna agat maidir le haon chuid den scéim seo, cuir r-phost chuig Mary Ellen Ní Chualáin maryellen.ni.chualain@tg4.

 

Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghas, ná le h-aon iarratas.

Beidh aon chonradh ag brath ar Theastas Glanta Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Acht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar an eolas íogaireacht (más ann) agus a rá cén chúis gur eolas íogaireacht é. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 eolas a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur eolas íogaireacht é agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4 aige.

Ní ann d’aon chineál ceangail – conartha nó aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.

Taispeáint Speisialta de ‘Song of Granite’ do bhaill IFTA

Plé leis an Scríbhneoir/Stiúrthóir
PAT COLLINS

Dé Máirt an 14 Samhain, @6.15pm
Light House Cinema, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7

Tá ríméad ar IFTA taispeáint speisialta de 'Song of Granite' a reáchtáil. Is é 'Song of Granite' an scannán atá roghnaithe go hoifigiúil thar ceann na hÉireann sa chatagóir Teanga Iasachta ag an 90ú Gradam Oscar. 

Arna stiúradh ag Pat Collins (Silence), is é Pat Collins freisin a scríobh 'Song of Granite' in éineacht le hEoghan Mac Giolla Bhríde agus Sharon Whooley, scannán a léirigh Alan Maher, Jessie Fisk agus Martin Paul-Hus. Taispeánadh an scannán den chéad uair ag Féile Scannán SXSW i Stáit Aontaithe Mheiriceá níos túisce i mbliana agus fuair sé moladh mór ó léirmheastóirí.

Tugann an déantóir scannán Pat Collins scéal drámatúil Joe Éinniú, an t-amhránaí clúiteach sean-nóis, chuig an scáileán. Is iniúchadh dána ar an bhfear féin agus ar a chuid amhrán atá sa scannán. Idir mhíreanna traidisiúnta inste chomh maith le píosaí scannánaíochta faisnéise, déantar ceiliúradh sa scannán seo ar amhráin Joe Éinniú agus ag an am céanna tugtar léiriú fírinneach ar an bhfear féin.    Fear casta, mistéireach, bhí Joe Éinniú ar dhuine d'amhránaithe móra sean-nóis na linne. Ealaíontóir cumasach a fáisceadh as miotas, finscéalta agus amhráin iarthar na hÉireann, d'fhulaing a shaol pearsanta dá bharr.  I measc na rannpháirtithe tá Lisa O'Neill, Damien Dempsey, Séamus Begley agus na hamhránaithe sean-nóis Micheál Ó Confhaola agus Pól Ó Ceannabháin.   Déantar iniúchadh grinn sa scannán ar thraidisiún an cheoil agus na n-amhrán.

  *   Arna stiúradh ag - Pat Collins

  *   Script scannáin - Pat Collins, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Sharon Whooley

  *   Arna stiúradh ag - Alan Maher, Jessie Fisk agus Martin Paul-Hus

  *   Stiúrthóir Grianghrafadóireachta - Richard Kendrick

  *   Eagarthóir Scannáin - Tadhg O' Sullivan

  *   Fuaim - John Brennan

Buíochas le Wildcard Distribution.

Scannán de chuid Marcie Films é Song of Granite, arna léiriú ag Amerique Film i gcomhar le Harvest Films, South Wind Blows, Roads Entertainment.

Beidh 'Song of Granite' i bpictiúrlanna na hÉireann an 24 Samhain.

http://ifta.ie/events/dts/songofgranite.php

Tá an scannán faisnéise Rocky Ros Muc a léirigh an comhlacht Below the Radar, le taispeáint i bpictiúrlanna i Meiriceá.

Beidh an scannán faoin dornálaí as Gaillimh, Seán Ó Mainnín, á thaispeáint i bpictiúrlanna i Nua-Eabhrac, Los Angeles agus i mBostún ón 6ú Deireadh Fómhair.  Taispeánfar é i Cinema Village, New York agus i Laemmle Music Hall Theatre, Beverly Hills é mar aon le the Regal Fenway i mBostún

Thug an scannán gradam na féile leis ag Féile na Scannán Éireannach, Bostún níos luaithe i mbliana agus bhuaigh an gradam don Scannán Faisnéise Éireannach is fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe chomh maith.

Sean-Mannion-Rocky-Ros-Muc.jpg